Killykeen_cavan_lakelands

Rochtain an Chabháin

Rochtain an Chabháin

Rochtain an Chabháin

Tá se i gceist againn go meidh lucht míchumais in ann teacht ar gach a mbíonn ar siúl i gContae an Chabháin.  Dá bhrí sin tá an inrochtaineacht lárnach i ngach rud a dhéanaimid.   

Beimid ar ár ndícheall chun a chinntiú:

  • go mbeidh lucht míchumais ag glacadh páirt go cothrom agus go hiomlán i saol an chontae agus i mbearta na Comhairle
  • go mbeidh lucht míchumais in ann teacht go hiomlán ar sheirbhísí Comhairle Chontae an Chabháin trín inrochtaineacht atá lárnach inár gcuid seirbhísí agus áiseanna ar fad
  • go gcuirtear riachtanais lucht míchumais san áireamh go speisialta i ngach aon ghnó de chuid Comhairle Chontae an Chabháin
  • go ndéantar tréaniarracht inrochtaineacht iomlán a chur chun cinn i measc áisínteachtaí eile agus soláthróirí seirbhísí sa Chabhán

Is mian linn go mbeidh sochaí go hiomlán cuimsitheach i réim agus cách ag glacadh páirt i saol an Chabháin ar bhonn cothrom.  Tuigimid go gcaithfidh lucht míchumais an cheantair a bheith bainteach leis an aidhm seo go gníomhach, iad siúd féin agus áisínteachtaí idir phoiblí agus príobháideach maraon leis na hearnála príobháideach, deonach agus gnó.

Má bhíonn breis eolais uait ar Rochtain an Chabháin, téigh led thoil go dtí an suíomh seo:

  • Féach ar shuíomh rochtain an Chabháin

Sonraí Teagmhála

access@cavancoco.ie

Fón: 049 437 8392

Was this information helpful?
This form is for feedback on the webpage content. If you wish to report for example potholes, faulty street lights, barking dogs or any council housing maintenance issues please use the Report it option
Thank you for contacting Cavan County Council, we will review and deal with your query and contact you if we require further information.